Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-04-25

Boladh cóid

               Jan Miense Molenaer
De vijf zintuigen: De reuk (na cúig céadfaí: an boladh) 


"is eol do chách go bhfuil sé dhá oiread níos deacra clár a dhífabhtú ná é a scríobh. Mar sin, má scríobhann tú chomh glic agus atá ar do chumas, conas a bheidh ar do chumas dífhabhtú a dhéanamh air?" 
                                   Dlí Kernighan, 1974.

Baineann cuid mhór de mo chuid oibre le cothabháil. Dífhabhtú. Rudaí a d'oibrigh tráth, atá briste anois, toisc go bhfuil cúinsí athraithe - i gcodanna eile den gcód, nó san timpeallacht ina bhfuil an cód ag feidhmiú. Fágann Dlí de Mórdha go bhfuil ríomhairí ag éirí níos gaiste - rud a chruthaíonn deiseanna nua do ghuaiseanna rásaíochta. Fabht is ea guais rásaíochta a tharlaíonn go hannamh. Tarlaíonn a leithéid i gcóras ina bhfuil níos mó ná snáithe amháin - rudaí á dhéanamh ag an am céanna, ach toradh rud amháin de dhíth mar ionchur don rud eile. Ní dhéanann ríomhaire amháin ach rud amháin san am, ach le comhroinnt ama bíonn an cuma air go ndéanann. Bíonn an clár ag athrú go gasta idir tascanna. Ach de bharr cúinsí seachtracha ní tharlaíonn sé sin san ord ceanann céanna i gcónaí. Mar sin, tá deis ann d'fhabht nuair a úsáideann A toradh B sula mbíonn B réidh á ríomh. Tá sé iontach doiligh a leithéid d'fhabht a aimsiú, toisc nach dtarlaíonn sé gach uair a ritheann an clár.

Ach tá dúshláin eile ag baint le dífhabhtú. Is fíor annamh a choinnítear taifead ar an gcúis gur roghnaíodh dearadh ar leith. Na cúinsí a d'fhág an cód amhlaidh. Is minic a bhí réiteach maith go leor, ach d'athraigh na cúinsí. Agus anois tá sé briste. 

Tarlaíonn sé sin go minic nuair atá cleas glic éigin i gceist. Bíonn cathú ar chineál áirithe ríomhchláraitheoir a éirim a thaispeáint le cleasaíocht ghlic. Tráth dá raibh, bhí a leithéid de dhíth toisc go raibh an ríomhaire mall nó an cuimhne teoranta. Is annamh a leithéid fíor anois. Ach tá cultúr an seifteálaí domhain i gcultúr an Ríomhchláraitheora. Agus baolach. 

Nuair nach bhfuil taifead ann, táthar ag brath ar chuimhne institiúideach - ar dhaoine. Ach nuair atá an corpas cóid ag dul siar b'fhéidir daichead bliain, ní féidir brath ar sin. Ar aon nós, i gcomhlacht beag san earnáil bogearraí tagann agus imíonn ríomhchláraitheoirí go minic. Scaití is duine ar chonradh gearrthréimhseach a rinne an obair. Agus go hiondúil is faoi bhrú ama agus acmhainní a rinneadh é. 

Aimsítear réiteach atá maith go leor, agus bogtar ar aghaidh. Blianta ina dhiaidh sin, briseann an réiteach. 

Bíonn ar an ríomhchláraitheoir cothabhála an fhadhb a aithint, an fabht a aimsiú, agus é a réiteach. Faoi bhrú ama agus acmhainní. Agus go hiondúil le heolas srianta. An aidhm ná an t-athrú is lú is féidir a dhéanamh chun an fhadhb a réiteach, ar eagla go gcruthófaí fadhb nua. 

Ní féidir a bheith riamh cinnte an bhfuil cúis maith le píosa cóid a bhfuil cuma aduain air. Mar sin is fearr gan drannadh leis mura bhfuil sé follasach gur fadhb atá ann. 

Fágann sin áfach go mbíonn rudaí sa chód go raibh cúis leo tráth, ach nach ann don gcúis níos mó. Agus go bhfuil síol fabht nua iontu. 

Go hidéalach bheadh an cód síoraí á fheabhsú agus á bheachtú. Á shimpliú. Éilíonn sin córas maith cuimsitheach promhadh. Ar an ndrochuair, cé gur féidir le scrúdú fabhtanna a nochtadh, ní sé indéanta cruthú le scrúdú nach bhfuil fabht ann. 

Mar sin, tagann taithí i gceist. Bíonn instinn ag seanfhondúirí - agus tar éis tríocha éigin bliain ag dul don ngairm, is dócha gur seanfhondúir mé. Cuirtear an instinn sin i gcomparáid le boladh uaireanta. Deirtear go mbíonn drochbholadh le cód áirithe. Tá cleachtais le feiceáil ann a bhfuil taithí ann gur trúig fabhtanna iad. 

Ar ndóigh, uaireanta bíonn tagairt sa chód ag admháil nach bhfuil réiteach sásúil aimsithe don fhadhb. Gur baineadh feidhm as seift. Is cabhair é sin don cothabhálaí - nuair atá an ionad sin san cód aimsithe. 

Lorgaireacht an tsoithigh naofa is ea lorgaireacht cód foirfe. Níl daoine foirfe. Mar sin, ní bheidh cód. 

Taithí, oiliúint agus disciplín atá de dhíth. Ach go hiondúil is gá géilleadh don "maith go leor", ceal ama. Agus fabhtanna a fhágáil do do chuid oidhrí sa chúram. Nó tú féin i gceann sé mhí, nuair atá an comhthéacs dearmadta agat agus nuair is gá an fhadhb agus a chastacht a thuiscint as an nua. 

Mar a dúirt Tony Hoare:
Tá dhá dóigh ann bogearra a dhearadh. 
Simplí, sa chaoi is go bhfuil sé follasach nach bhfuil fabht ann. 
Nó casta, sa chaoi is nach bhfuil fabht follasach ann. 

Simplíocht abú. 

Sin mo racht go n-uige seo. 




2024-04-24

Opa agus Opina

Scar tuismitheoirí mo nuachair nuair a bhí sí an óg. Tá deirfiúr bliain níos sin aici, agus scaradh na páistí freisin. Mein Erzeuger, an té a ghin mé, a thugann sí ar a hathair bitheolaíochta. Tá caidreamh éigin againn leis, a bhean agus leis an dá mhac a bhí aige léi, ach is beag é, fiú nuair a bhíomar sa Ghearmáin. 

Duine eile a thugann sí athair air. Bhí Manfred thart i mblianta a hóige agus na luatha déaga. Fear mór ard. Fear amharclainne agus léinn. Intleachtóir. Cainteoir - fadálach uaireanta. 

Nuair a scar sé ó mháthair mo nuachar bhí céile eile aige. Gisela. Bean beag ciúin stuama. Eolaí - bitheolaí, mura bhfuil dul amú orm, i réimse an leighis. Ard éirimiúil. Agus í in inmhe a chuid cainte a stop go séimh nuair a chuaigh sé chun fadálachta. 

Beirt a bhí compordach le chéile. 

Bhí árasán lán de leabhair acu i lár na cathrach. Agus bhí tigh muintir Gisela fós acu, cois locha i Zeuthen. Iad idir an dá áit, go háirithe nuair a bhí cúram de dhíth ar mháthair Ghisela. Diaidh ar ndiaidh bhí orthu bogadh amach go hiomlán de bhrí go raibh an cúram sin níos riachtanaí. É roinnte le mac Gisela, an tigh roinnte idir an dá theaghlach. 

Bhí caidreamh áirithe eadrainn síos tríd na blianta. Mé ar mo chompord ina gcomhluadar. Comhráite spéisiúla. 

Opa a thug mo mhic air. Ach cén ainm a fheilfeadh do Ghisela? Ní fheilfeadh Oma, ní raibh gaol ann. Níl mé baileach cinnte conas a tháinig muid ar an leagan Opina - cineál bainneanú geanúil ar Opa. 

Tamall sular rugadh an déagóir chuaigh Manfred ar shlí na fírinne. Mar is iondúil uaireanta, rinneadh é a chreimeadh agus bhí sochraid roinnt míosa níos déanaí, mar ar chuireadh an próca san úirchill. Searmanas daonnachtúil, ceiliúraí mná ag tabhairt píosa cainte faoina shaol. Gan sólás an chreidimh. 

I gcuimhne air go pointe atá Frederike (Freddie) ar an ndéagóir. 

Maireann Opina fós, cé go bhfuil ailse á moilliú. Glaoch gutháin cúpla uair sa bhliain an teagmháil anois. 

Rinne mé blagáil cheana, litríocht leabhrán lasáin as cúpla eachtra iar chogaidh a d'inis sí dom agus mé ar cuairt. Ní cuimhin liom anois cén fáth nach raibh ach an bheirt againn ann. Sílim go raibh an chuid eile gafa ar eachtra éigin eile. 

Scéalta faoi gual a ghoid ón traein i ngeimhreadh crua 1947. Agus an teach a bheith i seilbh an NKVD, ach an teaghlach fós i gcuid. 

Daoine iad Gisela agus Manfred a mhair tríd dhá dheachtóireacht ach ar éirigh leo bheith caoin daonna geanúil (fiú má bhí Manfred beagán údarásach!) 

Is mór agam an aithne a chur mé orthu. 


2024-04-23

Cad is gríosú chun fuatha ann?


Bhí mír ar Thús Áite inné faoi cosc agus lámh trom péas círéibe Bheirlín ar agóid bheag a bhí á reáchtáil trí Ghaeilge. Ní raibh na péas sásta go mbeadh caint i dteanga nach raibh ar a gcumas tuiscint, chun bheith cinnte nach raibh gríosú chun fuatha i gceist. Nó sin a mhaígh siad ar aon nós. Is cosúil go raibh leaganacha éagsúla ag péas éagsúla - ach go raibh siad diongbháilte deireadh a chuir leis an bhfo-agóid seo ag grúpa beag. 

Measaim féin go raibh an agóid thar a bheith éifeachtach, ó tharla go bhfuil caint ar abhus ar a laghad - theip orm aon tagairt a fháil i meáin na Gearmáine. Is beag iontas é sin, áfach, ó tharla go bhfuil na mílte ag agóid thall faoi ceist ionradh Gaza. 

De bharr na staire, tá sé fréamhaithe go domhain i dtuiscint pholaitíochta na Gearmáine gur gá seasamh le hIosrael. É ráite ag an seansailéir Scholz gur "deutsche Staatsräson" (Nath nár chum sé féin) slándáil Iosrael. Fiú an taz - nuachtán den eite chlé a léim altanna ann, tá siad ag cáineadh ionradh Hamas go géar ainneoin a gcáineadh ar freagra thar fóir Iosrael.

Ach feiceann siad gríosú chun cinedhíothú sa mhana "ón abhainn go dtí an muir".

Ní ceart agus éigeart cás na Pailistíne atá fúm a phlé, ach ceist an chaint gríosaitheach. 

Tá bille fuathchainte á phlé san Oireachtas. Is cosúil, tar éis an teip san dá reifreann ar na mallaibh, go bhfuil an rialtas ag déanamh athmhachnamh air an mBille. Ba mhithid. 

Bhí mé ar son an tagairt do diamhasla a bhaint as an mBunreacht. Tá mé i gcoinne Bille fuathchainte ar an mbonn céanna. Téarma doiléir sleamhain atá ann. Ní raibh aon sainmhíniú cruinn le bheith sa bhille. 

Is gá gan amhras cóimheá a bhaint amach idir saoirse cainte agus smaointeoireachta agus cearta grúpa mionlaigh. 

Ach is gá a bheith airdeallach faoi dlí a thugann cumhacht do na húdaráis smaointe nach bhfeileann dóibh a dhéanamh coiriúil. 
Is uirlis forlámhas sin. Claíomh dhá bhéal. 
Uirlis ar féidir mí úsáid a bhaint as. Is gá bheith cúramach. 

2024-04-22

I gceardlann mo sheanathair

Múinteoir - ardmháistir scoil Haróid i nDeiliginis ab ea mo sheanathair Diarmuid Ó hAlmhain. Bhí mé trí bliana d'aois nuair a chuaigh sé ar scoir. Ba a tigh a bhain leis an scoil a raibh cónaí air go dtí sin, Tig Mhichíl. Is ann a tógadh m'athair. Ach níl cuimhne ar bith agamsa air.

Baineann na cuimhní ar fad atá agamsa le teach sa tSeanchill. Crieve. Trian de theach mór, sciathán na freastalaithe fadó. Dhá urlár. Síleáil arda ar urlár na talún. Trí sheomra ann i bpríomhchuid an tí. Cistin mór, Ríocht Nana agus an áit is mó a chaitheamar am ann. Doirteal fada faoin bhfuinneog. Cófra ar thaobh amháin de, sorn ársa leictreach ar an dtaobh eile. Tinteán agus cúpla cathaoir compordach agus tolg. Bord mór ite. Bhí dhá seomra suite ann agus leithreas. Ceann de na seomraí geal agus pianó ann. Ceann eile dorcha toisc nach raibh solas an lae ann ach tríd fuinneoga beaga timpeall ar dhoras amach sa ghairdín cúil. Le beo Dhaideo ba ceapach glasraí agus torthaí an ghairdín céanna. Tar éis a bhás choinnigh Nana na sú talún agus craobh, spíonán agus an bhiabhóg, ach chuir féar ag fás ar na ceapóga prátaí agus glasraí.

Ach níorbh oide, garraíodóir agus fear raidió amháin Daideo. Cé gur sheachain sé muide páistí - muid ró ghlórach dó is dócha i ndeireadh a shaol, agus nach minic a bhfeicimis é, rinne sé bréagáin iontacha as adhmaid dom. Is cuimhin liom crann tógála soghluaiste, a raibh mé in ann suí air agus é a thiomáint. Rinne sé teach spraoi mór a bhféadfaí é a fhilleadh go néata. Dhá bhalla dúbailte, dhá leath den díon agus simléir. Fuinneog mhór amháin ar baineadh feidhm as go minic thar na blianta mar ardán seó puipéid. Doras i mballa amháin agus fuinneoigín i mballa eile. 

Rinne sé crínlín dom freisin ag a ndearna mé m'obair scoile. An suíochán agus an bord oibre ina aonad amháin, déanta as sraithadhmad agus vearnais air. Éadrom ach láidir. 

Rinne sé roinnt bháid beaga dom le cuir ar snámh, iad déanta as fuílleach adhmaid agus uaireanta píosa píobáin cupair mar simné. Uiscedhíonach trí péint agus créasóid. 

Mar a dúirt mé, cuid de theach mór ab ea Crieve. Bhí sciathán amach ón gcistin, díon íseal air agus é nasctha le Teach Cóiste - sciobóil mór lán de seo is siúd. Dréimire míshocair suas go lochta. Pluais Aladin. 

Bhí seomra ar leith idir an chúlchistin agus an Teach coiste, le doras ar leith isteach ann ón ngairdín. 

B'shin ceardlann Daideo. Ní dóigh liom go raibh mé istigh ann lena bheo, nó má bhí is faoina shúil ghéar a bhí mé ann. Fiú tar éis a bháis, ní raibh Nana sásta mé a scaoileadh isteach ann go dtí go raibh mé níos sine ar eagla go ngortóinn mé féin le faobhar siséal nó a leithéid. Imní a raibh bunús leis ó tharla nach bhfuilim deislámhach ar chor ar bith. 

Seomra beag lán d'uirlisí. Iad in ord agus eagar ar sásanna a rinne sé féin don gcuid is mó. Bord oibre láidir agus bís air chun breith ar phíosa oibre.

Ar ball, rinne mé féin iarracht bád nó dhó a dhéanamh, ach i ndáiríre ní raibh na scileanna agam. Ar éigin go n-éiríonn liom tairne a chur i mballa chun pictiúir a chrochadh. Agus is compordaí mo nuachar ag plé le druilire ná mise. Obair gharbh is mó atá ar mo chumas, agus is fearr mé ag briseadh ná ag tógáil! 




2024-04-21

Fainic an ghrá!

           Murillo - Chica y su dueña 
              (Cailín agus a feighlí)

Ar an gcéad lá san ollscoil, uair éigin i nDeireadh Fómhair 1986, cruinníodh isteach san fhoirgneamh spóirt muid, a bhí úrnua. Agus muid ag suí ar an urlár rinneadh neart cainte ón ardán. Is beag is cuimhin liom seachas dhá abairt. Fear mór groí ab ea an séiplíneach de chuid Eaglais na hÉireann. Canónach. Chuir sé tús lena chuid cainte le nathán "They say the larger the canon, the larger the bore". Ní dóigh liom gur tháinig an chuid eile dá chaint leis sin. Agus ansin Déan na mBan. A chuir fainic ar na mná "Fainic an ghrá!".

Ar ndóigh formhór againn, idir fireann agus baineann, is as scoileanna aon inscne a tháinig muid. Déanta na fírinne, do mac léinn innealtóireachta, is beag a d'athraigh. As an trí chéad nó mar sin dalta a bhí sa rang céad bliana, bhí deichniúr ban.

Ní raibh mé iomlán gan teagmháil le mná ar chomhaois liom roimhe - bhí idir fir agus mná sa ghrúpa gasóga, agus bhí cúpla cara baineann eile agam. Ach ní raibh aon bhean meallta agam. D'iarr mé cúpla bean amach cgl, ach eiteach béasach a fuair mé. Seachas gur thionlacan bean chuig Debs mé, ach ní dheachaigh an chaidreamh mórán níos faide. Is dócha go raibh mé ciotach agus ar easpa muiníne.

Sin ráite, bhí mná i measc an chomhluadar caife agus lóin a bhí agam sa choláiste. Bhí formhór acu ag siúl amach le fir eile. A bhí sa chomhluadar freisin. (Níor thug siad ard ar an bhfainic, ach níor tháinig tuar faoi thairngreacht teipe de dheasca easpa airde an déin.)  Aon bhean a thug faoi céim san innealtóireacht sna 80í bhí sí diongbháilte. Agus ar ndóigh, feiceálach sa léachtlann, cuma ar ghléas sí péacach mar a rinne bean amháin - folt catach fada dubh, cneas bán agus mionsciorta agus i dtólamh cúpla nóiméad mall don léacht, nó andraigíneach mar a rinne a formhór. 

Bhí an dá slat tomhais ann le cúrsaí grá, rud a chuir as dom an uair úd féin. Stail groí ab ea an banaí, a bhí le bé eile gach ré seachtain. Fial lena cuid a bhí bean a rinne amhlaidh. Bhí cumann díospóireachta ag na hinnealtóirí, arbh mó de chumann scigmhagadh é. Is cuimhin liom duine ag fonóid faoi bhean amháin sa rang, mar ó dhea is go raibh cumann féin chabhrach de dhíth ar na fir ar fad a thréig sí... 

Níl fhios agam an an uair úd nó roinnt blianta ina dhiaidh a chuala mé an sagart paróiste i mBaile Uí Mhatháin, áit dúchais mo mháthair, ag léamh dán faoin iníon drabhlásach in áit seanmóir. Inár cáineadh an easpa trócaire a fuair mná ar mheas an pobal iad a bheith imithe ar strae - óna dteaghlaigh féin, fiú. Smál fimíneachta nach bhfuil iomlán glanta go fóill ainneoin gach athrú eile sa sochaí. 

Ar aon nós, táim féin anois pósta le tríocha bliain (roghnaigh mo shonuachar mise). 

Ba chruinn teagasc Fhíthil:

“Cá ben dobér?” ar in mac.
“Da fagair na móra finna ocus na báingela duba, tabair íet.” 

Cén bhean a thógfad? arsa an mac 
Má fhaigheann tú na móra fionn agus na báingheala dubh, tóg iad. 

Aguisín a rinne mé dearmad a bhreacadh síos: Bhí duine de cúpla comhionann sa rang liom. Ach cé go raibh siad ana chosúil le chéile le hamharc orthu, bhí siad an-éagsúil ó thaobh pearsantachta. Le leigheas a chuaigh an deartháir eile agus bhí sé cuideachtúil. Go deimhin, banaí a bhí ann. Ach níorbh amhlaidh don innealtóireacht. Dúnárasach a bhí seisean. Bhí roinnt léachtaí ag lucht leighis na céad bhliana in Ardán Phort an Iarla freisin. Is minic bé éigin ag beannú don innealtóir as ainm a dheartháir. Bhain sé pléisiúr míchuibhiúil as freagra borb a thabhairt orthu, agus ligeann don deartháir an fhadhb a réiteach ar ball... 

2024-04-20

Cuartha Francacha


                  
                 Radomil - CC-by-SA 3.0 

Nuair a luann bodach drúiseach meánaosta "cuartha Francach" bheadh sé inmhaite samhlú gur téisiúlacht atá ina intinn. Ach ní hea, an uair seo. 

Nuair a thug mé faoi chéim san innealtóireacht sna 80í, is céim ginearálta a bhí ann, agus ní raibh speisialú i gceist go dtí an dara bliain. Ba innealtóir meicniúil an déin, fear a raibh clú air as a carbhat cuachóige. (Le linn Seachtain na ngiobal dhreap dream éigin an Túr uisce i mbelfield agus chroch carbhat cuachóige ollmhór air. Tagairt shoiléir!). Bhí béim, bhraith mé, ar an taobh meicniúil. Sa chéad bliain bhíodh léachtaí agus saotharlanna againn cúpla lá sa tseachtain i mBelfield, na hábhair ginearálta eolaíochta - Ceimic, fisic agus mata. Na laethanta eile bhíomar idir Ardán Phort an Iarla agus Sráid Mhuirfean i lár na cathrach (tithe an rialtais, anois! An Coláiste eolaíochta, fadó). 

Mar chuid de sin bhí ranganna san tarraingt teicniúil le déanamh. Ní raibh mé ró iontach aige. Éilíonn a leithéid deaslámhacht agus pointeáilteacht. Suáilcí nach bhfuil agam dáiríre. Streachailt a bhí ann, agus ó shíl mé nach mbeadh sé de dhíth orm ba bheag mo spéis ann. Ba chuid den trealamh na cuartha Francacha áfach, uirlisí mar atá thuas a bhí úsáideach chun parabóil agus cuartha eile a tharraingt. Thuas staighre i seomra ciúin os cionn an ceoláras náisiúnta a bhíodh na ceardlanna. Gach duine againn le clár agus crosbhacart, agus pinn luaidhe ar cruas éagsúil. Agus riachtanach domsa, scriosán. 

Bhí dearmad déanta agam de seo, ach le déanaí tá an dúlra ag meabhrú dom go bhfuil cuartha nádúrtha! 


Is cuimhin liom, i 1994, nuair a thugamar cuairt ar Reiner Rolff sa Ghleann Mór go raibh ionad an Bhlascaoid á phlé againn. Bhí alt cáinteach leis san Irland Journal léite agam. Dúirt mé leis nár shíl mé an áit a bheith ró olc. Ba é a sheasamh siúd áfach go raibh línte díreacha an fhoirgnimh as alt. Nach raibh an foirgneamh neadaithe sa thírdhreach mar ba cheart. Is dóigh liom go bhfuil an fhírinne aige. 




2024-04-19

Ní bheidh tú i do chaipitlí riamh!


Ní cuimhin liom an samhradh amháin nó dhá shamhradh a chaith mé ag obair in oifig cuntasóra. Dhá shamhradh, creidim. Ní raibh mórán oibre á dhéanamh agam dáiríre, an cúram is troime a bhí orm ná tae a dhéanamh agus a dháileadh ar cách. Sna hochtóidí luath. Sean teach in aice Sráid Bhagóid. 

Beirt pairtnéir a bhí sa chomhlacht. Fear mór ciúin feolmhar, an tUasal T. Fear eile slachtmhar, griandaite, ardnósach, an tUasal G. Ní raibh sé san oifig ach anois is arís, nuair a bhí cuntais le síniú. Ach bhí eagla orm roimhe!

Rúnaí san oifig. Ba ise mo shaoiste - is dócha gur tascanna a bheadh uirthi a dhéanamh de m'uireasa is mó a bhí á dhéanamh agam. 

Cé go raibh ríomhaire mór amháin san oifig, is ar pháipéar agus peann, agus scaití clóscríobhán a bhí an obair á dhéanamh. Is dócha go raibh áireamháin i gceist freisin. 

Cuntasóirí faoi oiliúint is mó a rinne an obair. Measaim go raibh duine nó beirt a bhí láncháilithe ann freisin. Ceann de na dualgais a bhí orm ná na bileoga ama a chóipeáil (de láimh). Bhíodh costas á ghearradh ar na cliaint de réir an ceathrú uaire, ráta éagsúil ag brath ar cháilíocht an chuntasóra. Ach mar sin féin ba mhór idir an chostas a gearradh agus an íocaíocht a fuair an duine féin! Go deimhin, ar éigin go raibh cuid acu ag fáil níos mó ná mé féin, an giolla samhraidh. 

Mar a deirim, bhí eagla orm roimh an tUasal G. Níl mé iomlán cinnte cén fáth, déanta na fírinne. Cúthail ormsa is dócha, agus mé ró ghéilliúil d'údarás. 

Chuir sé mé lá ag lorg "snack bar corcra". I ngan fhios domsa, agus seans dó, ní raibh a leithéid ar fáil níos mó ag an am. Shiúl mé lár na cathrach, ag fiafraí i ngach siopa milseáin. Tháinig mé ar ais ar deireadh, boinn mo choise trí thine, agus gan aon bharra liom. Ní mó ná sásta a bhí G. 

Babtha eile chuir sé mé ag lorg táilliúir a chuirfeadh éadach nua ar fáinne práis a bhí aige, chun scáthlán lampa a athchóiriú. Seans gur thug sé an t-éadach dom freisin. D'aimsigh mé saintáilliúir a bhí sásta tabhairt faoi. Ach ní raibh sé pioc sásta leis an margadh a rinne mé. Ró dhaor, dar leis. 
Ba ansin a dúirt sé liom nach mbeadh mé riamh i mo chaipitlí. 

Déanta na fírinne, is dóigh liom gur moladh atá ansin, cé gur tarcaisne a bhí i gceist aige siúd.